Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 252
  3. XML “Scéal faoin nGorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear as Fál mór pósta le bean ó Mhaighdóran agus fuair sé talamh léi agus am an ghorta nuair nach raibh tada lé nithe ag na daoine fuair sé bás leis an ocras. Nuair a bhí sé ag fághail bháis díarr sé ar na daoine é a thabhairt ar ais chun a áit dhúchais mar narbh mhaith leis bheith curtha in aon áit acht istigh i bFál Mór mar a raibh a mhuinntear féin.
    An lá a bhí sé marbhú bronghantacht go deimhin an lá é, ní raibh gaoth da laighead ann, agus ba mhaith an rud dhóibh é sin mar bhí ortha dul treasna na fairrge. Annsan fúaireadar bád beag agus d'fágadar síos ar an tráigh é nó go dtógaidís aníos an corp. San am sin ní raibh conra ar bith sa tír beagnach mar bhí na daoine ró bhocht agus ní raibh airgead ar bith acu lé rud ar bith a cheannacht.
    Annsin chuireadar pluid thart ar an gcorp agus chuireadar súas ar dhruim dune éigin é agus fúair seisean greim mhaith air agus síos leó chun na trágha. Chuireadar isteach sa mbád é agus amach leo treasna na fairrge go Fál Mór.
    Núair a thangadar chun na trágha istigh agus d'fágadar an bád ar an tráigh agus bhí tamall mhaith lé siúbhal acu sul a dtiocfaidís chomh fada leis an roilig agus bhí ortha dul súas cnoc mór. Ag dul súas doibh cerb bith rud
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brígid Ní Cuideagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Áine Bean Uí Cabhaill
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo