Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Lá Fhéile Stiofáin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 356

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tuiteann la 'le Stiophan ar an 26ú lá de mhí Nodlag. Ar an lá sin téigheann na daoine óga amach leis an dreoilín ag iarraidh airgid. Acht fadó is amach ag iarraidh ceapairí a théighidís agus théigheadh buachaillí agus cailíní amach - ní mar anois mar ní théigheann acht na buachaillí amach anois.
Uaireannta chanaidís port eicínt agus théighidís ag damhsú. Bíonn an dreoilín i dtuir bheag acú agus é déanta suas go h-áluinn i ribiní agus páipéirí de chuile shórt. Tá sgéal ag baint leis an gcaoi a d'éirigh leis an dreoilín a bheith 'na righ ar na n-éan.
Lá amháin shocruigh na h-eanlaith gur maith an rud rí a bheith ortha, agus ní raibh fhios acú cé'n ceann acú a bhéadh in a

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Gamhnáin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Éamonn Ó Conmhacháin
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
75
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge