Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 281

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 281

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 281
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is iomdha sgéal a chloisfí i dtaobh na sídheog sa tsean aimsear. I bhfad o shoin ní raibh banáltra ar bith sa tír, acht bean ghluin a dheanfadh obair na mbanáltra an úair sin. Bhí bean glún ann úair amhain agus oidhche amhain buaileadh ag doras a tígh agus chúaidh sí go dtí an doras agus cé bhéadh ann acht strainséar nach bhfaca sí ariamh.
    Díarr sé dhi an rachadh si leis go dtí a thígh féin go raibh a bhean tinn agus dúbhairt sise go rachadh agus fáilte. Ar a dhul isteach di casadh bean léi ag an táirsing agus dúbhairt sí léithí gan rud ar bith a thógáil uatha, airgead, nó rud ar bith eile.
    Níorbh fhada a bhí sí ann nuair a rugadh mac don mnaoi. Tar éis tamaill cuireadar síos teine mór agus céard a dheanfaidís acht an páiste a chuir isteach ann agus é a dhóghadh. Núair a bhí an bhean imtheacht bhíodar ag tabhairt go leór airgid dí acht ní ghlacadh sí lé. Annsin tugadh naipcín poca di agus glac sí e.
    Ag dul amach di
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ghuidhir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Sorcha Bean Uí Ghuidhir
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    38
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo