Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “Scéal faoin nGorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt fhear ann fadó agus bhí comhnaidhe ortha i dTallachán. Bhíodar an-bhocht ar fad mar bá h-am an ghorta é agus ní raibh aon rud le n-ithe acú acht turnaipí buidhe. Ar deireadh cailleadh fear amháin acú agus bhí an fear eile go h-an dona.
    Ní raibh fhios ag duine ar bith go raibh sé marbhú go dtí seachtain nó coicís in adhiaidh. Lá amháin chuaidh duine éigin isteach go bhfeicfeadh sé cé'n caoi a'raibh siad ag dul ar aghaidh. Nuair a chuaidh sé isteach níor fhéad sé aon rud a fheicsint, bhí an teach chomh dorcha sin.
    Las sé cipín agus is beag ná'r thuit sé leis an sgannradh. Sínte treasna ar sean-leabaidh bhí fear bocht amháin acú agus é marbhú agus leigthe siar ar stóilín bhí fear eile acú agus é marbhú chomh maith. Amach leis chomh tapaidh agus bhí in a chosaibh gur innis sé do mhuinntear an bhaile é.
    Thaing scata acú agus thug siad leó adhmad agus gléasanna eile nó go ndearnaidh siad peidhre comhnra dóbhta agus cuireadar na fir marbhú isteach ionnta. Annsin chuaidh siad go dtí an roilig chun go gcuirfeadh siad iad. Nuair a leagadar na comhnraí síos ins an uaigh chonnaic an sluaigh mór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Scanaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Scanaill
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo