Bhí fear ina chómhnuidhe in Inbhear uair amháin darbh ainm Brian Rúadh agus bhí fios aige, sé sin d'fhéadfadh sé innseacht dhuit rudaí a bhí le teacht. Bhí mac amháin aige agus bhí sé ag brionglóidígh trí huaire go raibh carn mór óir i bhfolach in a leithéid do áit síos ar an dtráigh agus dubhradh leis comh maith a athair a thabhairt leis. Oidhche amháin chuaidh sé féin agus a thair síos agus chúartuigeadar an áit agus fúaireadar pota mór óir thíos i bpoll in aice le cnocán gainimh. Thógadar aníos é agus siúd abhaile leo chomh tapaidh agus a b'féidir leo. Bhíodar ag siubhal gar don fharraige nuair a chonnaic an mac rud éigin ag teacht iseach leis an taoille. Dúbhairt sé lena athair go rachaidís amach go bhfeicidís céard a bhí ann. Amach leo agus céard a déarfadh an mac acht an pota d'fágaint ar an tráigh go dtiocfadh sé isteach. Nuair a bhíodar amuigh d'fiafruigh an t-athair de cár fhág sé é agus dubhairt sé gur fhág sé san áit a bhí an gealach ag taitneamh. 'A a amadáin' ars an t-athair an áit a bhí an gealach ag taitneamh an uair sin, níl sí ag taitneamh ann anoisDeclan QuinnHugh Rowland