Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 248
  3. XML “Saibhreas Mhaghdóráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí iomdha áit ar fud na h-Éireann, áiteacha iar-chúlta go mór-mhór go bhfuil a lán óir curtha i bhfolach ag daoine do mhair fadó. Tá sgéalta go leór lé cloisteáil ag gach duine in Éirinn beagnach i dtaobh sean-daoine a raibh sainnt mhór in a gcuid airgid acú agus nár thainig leó é fhágail 'na ndiaidh ag mac ná inghean lé sógh a bhaint as taréis a mbás.
    Is minic a chualas mo mhathair a rádh go mbíodh sean-chaiptín ag dul thart fadó agus go mbíodh sé ag teacht i dtír go minic i Mágdór. B'é baramhail gach uile dhuine go raibh a lán airgid aige. Aon uair amháin bhí ar a dhul go h-Ameirice agus bhí fhios ag gach duine nach dtuibharfadh se a chuid airgid leis.
    Bhíodh gach aoinne ag faire air go bhfeicfeadh siad a'gcuirfeadh sé in aon áit é. Bhí a long ar ancaire sa chuan go dtí an maidin áirithe seo agus nuair a d'féach siad amach ní raibh tásg nó tuairisg air. Ní raibh fhios ag éinne ar chuir sé aon óir i bhfolach nó nár chuir acht dubhairt fear éigin gur chuir sé ceithre bhoscaí d'ór agus bosca d'airgead geal i bhfolach thiar i gceann h-Imeallta.
    Ar chuma ar bith nuair a chuala na daoine sin chuaidh fear amháin gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Scanaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Scanaill
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo