Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 268
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa tsean aimsear bhí dúnta na sídheog níos líonmhaire a fud na tíre agus cífeadh na daoine iad go minic. Bhí teach déanta ag fear úair amháin gar do chnoc agus bhí dún na sidhe ar an gcnoc. Bhí go leór bá ag an bhfear seo agus fúair ceann acú bás agus cuireadh í.
Gach lá thagadh sí go dtí an pairc in a mbíodh a ghamhain ag ithe agus dimtheocadh sí arís gan mórán móille. Sa deireadh chonnaic an fear í agus dúbhairt sé go leanfaidh sé í go bhfeicfeadh sé cén áit a racadh sí. Bhí go maith thosuigh san bó ag rith agus choinnigh an fear súas léithí go dtí gur thangadar go dtí an cnoc agus chúaidh an bó isteach tré bearnán a bhí ann agus siúd isteach an fear in a dhiaidh. Chuadar thart lé teach álúinn agus isteach i gclós taobh amuigh don teach.
Bhí fear mór in a sheasamh annsin agus labhair sé go feargach leis agus díarr sé air céard a thug annsin é agus dúbhairt seisean gur lean sé a mhuin. Annsin dúbhairt an fear a bhí in a sheasamh sa gclós narbh í sin a bhó agus dúbhairt seisean gurb í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brígid Ní Cuideagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Cabaill
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo