School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gaoth Sáile
- XML Page 260
- XML “Na Deirfiúracha Éadmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí triúr deirbhsúiracha ag baint fraogh fado agus bhíodar ag cainnt eatorra féin céard a dheanfaidís dá mbeadh fear acú, dúbhairt duine acú go gcuirfeadh sí léine don fraoch air agus dúbhairt duine eile acu go ndeanfadh sí féin an rud céadhna agus an duine ba óige díobh dubhairt sí go mbeadh sí an cineálta lé na fhear agus go mbeidís ar na páistí ba dheise a rugfaí aríamh.
Bhí prionnsa óg taobh thiar dóibh acht ní fhacadar é agus nuair a bhí an cómhrádh críochnuighthe acú thaing an prionnsa chuca agus díarr sé dhoibh cé acu a dúbhairt go mbeadh triúr páistí aice agus go mbeidís ar na páistí ba dheise a rugfaí ariamh agus dinnsígheadar dho ce acú a dubhairt é agus dúbhairt sé go bpósadh sé í dá mbéadh sí féin sásta agus dúbhairt sise go raibh.
Cúpla lá indhiaidh sin phósadh í leis an bprionnsa óg agus mhaireadar go sona séanmhar ar feadh bliana. Annsin rugadh páiste dhóibh agus ba dhathamail ar fad í acht bhí éad ag an mbeirt deirbhsiúir eile léichí agus céard a dhéanfaidís ach an paiste a thógáil leo agus coileán madaidh a chur in a áit. Núair a chonnaic an prionnsa é seo(continues on next page)- Collector
- Brígid Ní Cuideagáin
- Gender
- Female
- Address
- Dumha Dhearc, Co. Mayo
- Informant
- Maighréad Bean Uí Chinnéidigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dumha Dhearc, Co. Mayo