School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíonn an ghrian leat-bháithte bíonn fearthainn agus stoirm air. Nuair a bhíonn fáinne mór ná gárrdha mór timcheall an ghealaighe. Bíonn fearthainn agus stoirm air comh maith agus ma bhíonn beárna ar bith sa bhfainne sin é an bonn a thugas an fearthainn as.
Bíonn na réalta ag damhsa agus iad an-glán huair a bhíonn sioc air. Nuair a bhíonn sgamaill in an spéir agus suibhal mór leo thar an ghealaigh bíonn an stoirm in ghar dhuinn an uair sin.
Nuair a bhíonn an talamh a bhíos i bhfad uait ag breatnú comgarach duit bíonn fearthainn air. Bíonn an fhairrige eirighthe agus bruthanna móra ann agus an gainimh oibrighthe aníos ó thoín na tragha agus bíonn an cubhar ar an traígh isteach roimh an lán-mhara, nuair a bhíonn stoirm air. An gaoth andeas is mó a thugann stoirm leí.
Nuair a bhíonn uair maith air bíonn na geadhbhna fiadhaíne ag tarraingt ar an bhfarraige. Ach nuair a bhíonn droch-uair air tagann na faoileáin aníos(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Chinnéidigh
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Bhean Uí Chinnéidigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dumha Dhearc, Co. Mayo