School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 377

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 377

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 377
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn cainnt mhór ar Oidhce Shamhna i n-Éirinn ar feadh seachtaine nó coighcíos roimh teacht dó. Gach beirt a chasann ar a chéile. Is ag cur síos ar an gcaoi a gcaithfidh siad an oidhche mhór a bhío.
    Tuiteann Oidhche Samhna ar an 31ú do Dheireadh Fómhair agus deirtear nach ceart bheith amuigh ró-mhall ar an oidhche sin mar bíonn na 'daoine máithe' ag dul thart. Deirtear, comh maith, go 'dtógann' siad páistí óga agus ba leó agus go gcothuigheann siad paistí ar an mbainne.
    Bionn spóirt mhór ag na daoine óga chómh máith. Téigheann na cailiní go dtí teach speisialta amháin agus deineann siad cáca. Cuirtear fáinne, píosa cipín, agus goibín isteach ann. Bíonn siad ar bís annsin nó go mbíonn sé bacáilte. Bíonn faitchíos ar gach aoinne go bhfuigheadh sí féin an fáinne mar deirtear gurab í is túisge a phósas. An duine a gheobhfas an cipín, beidh sí pósta le simnéir agus an duine a gheobhfas an goibín posfar í le muinnteóir ach níl annsin ach sgéal.
    Gheibheann na páistí óga tubán agus líonann siad le h-uisge é. Cuirtear úbhall isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish