School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gaoth Sáile
- XML Page 248
- XML “Saibhreas Mhaghdóráin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí iomdha áit ar fud na h-Éireann, áiteacha iar-chúlta go mór-mhór go bhfuil a lán óir curtha i bhfolach ag daoine do mhair fadó. Tá sgéalta go leór lé cloisteáil ag gach duine in Éirinn beagnach i dtaobh sean-daoine a raibh sainnt mhór in a gcuid airgid acú agus nár thainig leó é fhágail 'na ndiaidh ag mac ná inghean lé sógh a bhaint as taréis a mbás.Is minic a chualas mo mhathair a rádh go mbíodh sean-chaiptín ag dul thart fadó agus go mbíodh sé ag teacht i dtír go minic i Mágdór. B'é baramhail gach uile dhuine go raibh a lán airgid aige. Aon uair amháin bhí ar a dhul go h-Ameirice agus bhí fhios ag gach duine nach dtuibharfadh se a chuid airgid leis.Bhíodh gach aoinne ag faire air go bhfeicfeadh siad a'gcuirfeadh sé in aon áit é. Bhí a long ar ancaire sa chuan go dtí an maidin áirithe seo agus nuair a d'féach siad amach ní raibh tásg nó tuairisg air. Ní raibh fhios ag éinne ar chuir sé aon óir i bhfolach nó nár chuir acht dubhairt fear éigin gur chuir sé ceithre bhoscaí d'ór agus bosca d'airgead geal i bhfolach thiar i gceann h-Imeallta.Ar chuma ar bith nuair a chuala na daoine sin chuaidh fear amháin gur(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Scanaill
- Gender
- Female
- Address
- Tulachán Dubh, Co. Mayo
- Informant
- Máire Bean Uí Scanaill
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tulachán Dubh, Co. Mayo