Tuiteann la 'le Stiophan ar an 26ú lá de mhí Nodlag. Ar an lá sin téigheann na daoine óga amach leis an dreoilín ag iarraidh airgid. Acht fadó is amach ag iarraidh ceapairí a théighidís agus théigheadh buachaillí agus cailíní amach - ní mar anois mar ní théigheann acht na buachaillí amach anois. Uaireannta chanaidís port eicínt agus théighidís ag damhsú. Bíonn an dreoilín i dtuir bheag acú agus é déanta suas go h-áluinn i ribiní agus páipéirí de chuile shórt. Tá sgéal ag baint leis an gcaoi a d'éirigh leis an dreoilín a bheith 'na righ ar na n-éan. Lá amháin shocruigh na h-eanlaith gur maith an rud rí a bheith ortha, agus ní raibh fhios acú cé'n ceann acú a bhéadh in a
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »