School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gaoth Sáile
- XML Page 361
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deantar cleamhnaisí annseo anois san oidhche. Téigeann an fear atá ag iarraidh na mná go teach na mná cupla oidhche roimh an bpósadh. Uaireannta bíonn beirt no triuir leis agus uaireannta eile ní bhíonn leis ach fear eile is é féin. Bíonn uisce beatha leo.
Socruigheann siad an spré, a gheobhas sí an lá a bpósann siad. Is ar capall a rachadh na daoine sa tsean-aimsar agus annsin in a dhiaidh tamaill is ar chineál cairr agus capaill 'ghá tarraingt a bhíodh an bheirt a bhíodh le pósadh ag seasamh leo. Bhíodh cuid eile ar capaill agus cuid eile ag siubhal.
Tá pisreog ag cuid de na daoine i dtaobh(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Chinnéidigh
- Gender
- Female
- Informant
- Aine Bean Uí Chinnéidigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dumha Dhearc, Co. Mayo