School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 250
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt dearbhratháir ann fadó. Bhí fear acú saidhbhir agus an fear eile bocht. Théigheadh an fear bocht go dtí an baile mór ag obair gach lá, agus oidhche amháin nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhuail tuirse mór é agus shuidh sé síos ar thaobh an bhóthair ag déanamh a sgith. Ní raibh sé i bhfad ina shuidhe nó gur thuit sé in a chodladh.
    Nuair a dhúisigh sé chonnaic sé mar a bheadh cat dubh 'na luighe lé'na thaobh. 'Céard a thug tusa annseo' adeir an fear. 'O' adeir an cat 'is fada mise ag suibhal leat. Is mise an mí-ádh atá go do leanamhaint ó rugadh thú'. 'Má's fada seo é an chéad uair ariamh a chonnaic mé thú agus má's mar sin é' adeir an fear 'cuirfidh mise deire leat'.
    Annsin rug an fear greim caol cruaidh air agus thug sé leis é nó go dtainig sé ingar on tigh. Fuair sé laidhe agus thochail sé poll doimhin agus chuir sé an cat síos ann. Taréis dó an poll do líonadh suas chuaidh sé abhaile agus níor labhair sé a thuille faoi'n gcat.
    An oidhche lá ar na bhárach nuair a bhí sé ag teacht abhaile d'ar leis go gcuala sé torann mór taobh istigh don balla. D'fhéach sé isteach agus céard a chífeadh sé acht báisín óir taobh istigh. Rug sé leis abhaile é agus bhí áthas ortha uile nuair a chonnaiceadar é. 'Ní rachfaidh tú
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0735: The Rich Man's and the Poor Man's Fortune
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Scanaill
    Gender
    Female
    Address
    Tulachán Dubh, Co. Mayo
    Informant
    Máire Bean Uí Scanaill
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Tulachán Dubh, Co. Mayo