School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 320

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 320

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 320
  3. XML “An Maistreadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cuinneóg againn sa mbaile agus níl sé againn ach lé cúpla mí. Deanann mo mathair an maistreadh agus oibrigheann sí an loinithe timcheall i bhfáinne. Má thagann stroinséar isteach le linn an maistreadh a bheith ghá déanamh, buaileann seisean greas ar an maistreadh mar tá sé de phisreóg ag na daoine muna ndéanfadh sé sin sguabhfadh sé im na bliana sin leis.
    Uaireannta cuirtear marc eicint leis ar tón na cuinneóige. Cuireann cuid de na daoine cros beag air agus cuireann cuid eile an data ar a bhfuair siad an chuinneóg air. Bíonn maistreadh á deanamh ar feadh tuairim is leath-uair a chluig.
    Bionn fíos againn go bhfuil an t-im a teacht ar an mbainne nuair a fheicimíd na grainne beaga d'im air. Nuair a bhíonn mo mháthair ag dul ag nígheadh na h-ime sé an céad rud a dhéanann sí ná a lámha a sgóladh go idtreo is nach greamócadh an t-im dóibh. Nígheann sí an t-im in uisge fuar agus bíonn sí á nígheadh nó go bhfeiceann sí an t-uisge glan gan aon bhainne air. Annsin deanann sí suas é in a rollaibh deasa.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghamhnáin
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Bean Uí Chonmhachain
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    80
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Gaoth Sáile, Co. Mayo