Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 354
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bealtaine.
Deantar cleamhnaisí annseo agus ar oidhche an chleamhnais is iondamhail go dtéigheann an fear atá ag iarraidh na mná go teach na mná óg agus bíonn páirtí leis. Bíonn buidéal uisge beatha leis. Nuair a bhíonns tamaill caithte ag ól iarrtar an bhean don athair agus annsin socruigheann siad cé bí spré atá lé fágail ag an gcailín óg. Geibheann sí stoc agus airgead mar spré.
I bpósaidhthe na sean-aimsire bhíodh coisire acú. Bainfheis a tugtaoi air. Idteach an chailín a bhíodh an bhainfheis. Ní phósfadh siad nó go mbeadh sé measardha mall sa trathnóna agus go díreach taréis an phósadh théighidís isteach idteach an óil agus d'fhanaidís ann feadh tamaill ag ól agus ag rinnce.
Théigheadh siad go teach an chailín annsin in áit a mbíodh neart muicfheola, caoirfheola, mairtfheola, géadha agus chuile shórt. Is poitín a bhíodh acú lé n-ól fadó idteach na bainfeise. Is é an buachaill féin a gheibheadh an t-ól agus d'iocadh muinntir an chailín as an suipéar. Do leanfadh an bainfheis go minic go lá'r na bhárach.
Timcheall agus a meadhon-oidhche thagadh na cleamhnairí go dtí teach na bainfheise. Siad san suas lé fiche duine do bhuachaillibh gléasta i léinteachaibh geala peiticóta mná. Bhíodh hataí árda deanta do chocain, seagal ortha anuas go dtí gualannaibh ortha i dtreo is ná n-aitheochadh duine ar bith iad. Bhíodh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gamhnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Chonmhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 81
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo