School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nach mé atá sáruighthe faoi lionn dubh báithte
Mo chreach ar lár is mé ag silt na ndeor
Ó d'imigh an t-árd fhlaith an t-Athair Padhraic
D'fhág an fán orainn is ár gcroidhe faoi bhrón
Ba mhaith an chára é in aimsir gábhaidh
Ag déanamh spáird lé ceart is lé cóir
In aghaidh gach námhaid a thigeadh thar sáile
Ar Innis Fáil nó ar Theampoll Róimh.
(II)Nuair a sgaip an sgéala ar fud na h-Éireann
Choisg na h-éanlaich ó bheith ag seinm ceoil
Stop na sruthanna 's gach barra ag pléasgadh
Lé brúghadh ró-eigciallta 's lé tuaim ró-mhóir
Thainig crith-eagla ar an réaltaibh
Is bhí an ghrian mar an gcéadna dul faoi ceo
Bhí cuma uathbhásach ar fud na h-Éireann
Ar gach cadhan aonrac, sean is óg
(III)Seárd dubhairt an sean-laoch go buaidheartha sáruighte
'Ceard a dheanfaimid i mbarach do dhíoghbhail cíos(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghamhnáin
- Gender
- Female
- Address
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Informant
- Máire Bean Uí Chonmhacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 81
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gaoth Sáile, Co. Mayo