School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 254
  3. XML “Long a Bádh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tamaill mhaith ó shoin bhí long mhór ag teacht ó Shasana lé gúal go h-Éirinn. Thaing stoirm mhór agus cuireadh as a slíghe í. Bhí sí dhá lá faoi ancaire i ngár go Fál Mór acht bhí an stoirm chomh laidir sin gur bhris sí an ancaire agus fágadh an long ag dul síar is aniar do réir mar shéid an stoirm mhór.
    Sa deireadh thainig sí go Dubhloch amach ó Rinn a Ródhain sin píosa talmhan ata ag gobadh amach sa bhfarraige. Bhí carraig mhór annsin bhúail an long in a choinne agus briseadh cuid dí. Ó tharla go raibh sí gár don carraig deirigh lé cuid do na máirnéalaigh an carraig a sroichint agus sábhaladh iad acht báthadh cuid eile díobh.
    Annsin tháinig an long i dtír i Rinn a Ródain agus ba bheag an méid gúal a chailleadar. Ar maidin núair a connaic muinntir an bhaile an long chruinnigheadar uilig síos chun na trágha go bhfeicfidís an longh. Thóg muinntear an bhaile cuid don gúal leó agus píosaí adhmaid ón luingh chomh maith.
    Bhí captaen darb ainm Mitchell ar an long agus báthadh é agus as sin amach tugadh oidhche Mhitchell ar an oidhche sin. Deirtear gurb é sin an stoirm ba mhó do shéad ariamh. Gach duine a bhí beo an oidhche sin cuimhnigheann siad ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish
    Collector
    Brígid Ní Cuideagáin
    Gender
    Female
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mayo
    Informant
    Beartlí Ó Cuideagáin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mayo