Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Long a Bádh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 254

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tamaill mhaith ó shoin bhí long mhór ag teacht ó Shasana lé gúal go h-Éirinn. Thaing stoirm mhór agus cuireadh as a slíghe í. Bhí sí dhá lá faoi ancaire i ngár go Fál Mór acht bhí an stoirm chomh laidir sin gur bhris sí an ancaire agus fágadh an long ag dul síar is aniar do réir mar shéid an stoirm mhór.
Sa deireadh thainig sí go Dubhloch amach ó Rinn a Ródhain sin píosa talmhan ata ag gobadh amach sa bhfarraige. Bhí carraig mhór annsin bhúail an long in a choinne agus briseadh cuid dí. Ó tharla go raibh sí gár don carraig deirigh lé cuid do na máirnéalaigh an carraig a sroichint agus sábhaladh iad acht báthadh cuid eile díobh.
Annsin tháinig an long i dtír i Rinn a Ródain agus ba bheag an méid gúal a chailleadar. Ar maidin núair a connaic muinntir an bhaile an long chruinnigheadar uilig síos chun na trágha go bhfeicfidís an longh. Thóg muinntear an bhaile cuid don gúal leó agus píosaí adhmaid ón luingh chomh maith.
Bhí captaen darb ainm Mitchell ar an long agus báthadh é agus as sin amach tugadh oidhche Mhitchell ar an oidhche sin. Deirtear gurb é sin an stoirm ba mhó do shéad ariamh. Gach duine a bhí beo an oidhche sin cuimhnigheann siad ar

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Brígid Ní Cuideagáin
Inscne
baineann
Seoladh
Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Beartlí Ó Cuideagáin
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Seoladh
Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge