Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 10_014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 10_014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 10_014
  3. XML “Fear ins na Síogaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus sé an leas-ainm a thugad na daoine air ná an "Poilí". Oidhche amháin bhí sé féin agus Dara mór agus Micil bán ag iasgach agus tháinig an oidhche fliuch stoirmeamhail agus tháinig siad i dtír ar an gcaona agus thugadar an currach isteach ar aonlach Thomáis Mhóir. Sin sórt áit ar a dtruimuigh cobhairleach. Chuireadar an chrannaibh cé dfhaneochaidh ag faireadh na curraigh ar fhaitchíos go gcoróchaidh an gála í. Acht is ar an bPóilí thuit an crann agus b'éigin dó fanacht dá faire. Acht ar chuma ar bith d'imthigh an bheirt eile abhaile agus a bhí siad imtighthe sé an rud a rinne an Póilí ná clocha móra a chur timcheall na curraigh. Ansin nuair abhí sé sin deanta aige chuaidh sé isteach fuithi. Acht ní raibh sé isteach fuithí nuair a bhí siad istigh na dhiadh na sidheógaí. Thugadar leó an currach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micil Ua Fáthartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micil Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe