Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 07_025
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhi fear in a comhnaide in Inis Meadhon agus d'éirigh sé ag a dó dheag agus chuaid sé síos go dtí an caladach agus tug sé leis an mada. Síos i dtrágh teach a chuaid sé ar dtúis agus síos as shin ins na cladachaí eile. Thosnuigh an mada ag béicheadh. Ach ar deiread bhí an fear ag dul abhaile agus bhí an mada ag béichéad fós. Annsin do thuig an fear go raibh fát éigin aige a beith mar sin. Bhí sé ag dul abhaile suas an bothar agus bhí an mada na diaidh agus é ag beiceadh. Ar deire thosnuigh sé ag rith agus thosnuigh an mada ag rith ina dhiaidh agus é ag béiceadh. Annsin nuair a tháinig sé go dtí a theac féin rith sé isteach an doras agus chomh luath agus bhí se istigh ar an urláír bhí an mada na dhiaidh. Annsin dhún sé amach an doras annsin agus dubairt an guth amuigh, Bhí an t-ádh ort a bheith istigh. Chuaidh sé a chodhladh annsin agus nuair a d'éirigh sé ar maidin bhí an mada básuighthe ar an urlár.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Anna Ní Fháthartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fáthartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe