Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 06_041
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhróige go raibh sé cam. Dubhairt sé go ndéanfhadh, acht dhubhairt sé cé an t-láille. Thug an feilméara leath choroin as an oibair. Nuair a fuair an caibléara an leath choróin séard a rinne sé a ghabháil amach ag ól. Is gearr a siubhail an feilméara arís go dtáinig sé ar ais. Dubhairt sé go raibh táirne a gá'il thridh a chois ins nbuathais agus go mba cheart dhó é a bhárradh. Thug sé giní dhó as sin a dhéanamh. Ghlac an caibléara buidheachas annsin agus dubhairt sé go ndeanfhadh sé gach rud a d'iarrfhadh sé air. Tá go maith a dubhairt an feilméara. Ní iarraidh mé aon rud ort acht má fhágann tú do chuid talamh agam. "Deamhan baoghal ort" a deir a caibléara. Diarr an feilméara air a sgríobadh a chuid fola nach gcuirfheadh sé as a chuid talamhna é agus rinne an caibléara sin le toil. B'éard a bhí sa caibléara sin Cromall. Bliadhanta na dhiaidh sin nuair a bhí Cromall ag seoladh na ndaoine as Éirinn agus á marbhú. Tháinig sé go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann