Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 06_020
- XML “Laethanta Áirithe”
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhearradh Dia Luain. Níl sé ceart dár le daoine gruaig a bhaint amach ná caoirigh a bhearradh ins an gCincís mar a mbéadh ceann amháin bearrtha agat ar dtús. Deir siad dhá mbainfí gruaig do dhuine ná do chapall ins gCíncis go mbeadh an duine agus an capall básuighthe roimh an gCincís arís. Níl sé ceart a dhul i dráigh ag baint feamainne na cabharleach Luan cásca ná aon síol a sháthadh. Bhí daoine fadó ann luan cásca agus bhain siad feamainn agus sháith siad síolta acht má sháthadh féin níor fhás aon cheó aca ortha.
- Níl acht aon táilliúr amháin ins an oileán anois agus ní raibh ann le fada an lá acht aon táilliúr amháin. Nuair a gheobhadh an sean-táiliúr bás is é a mhac gheobadh an cheird na dhiadh nó a inghean nó duine éigin dhá chuid gaolta. Bhíodh an sean táilliúr ag dul ó theach go teach ag déanamh éaduighe. Ní bhíonn an táilliúr atá anois ann ag imtheacht chor ar bith mar is tailliúr óg atá ann fós.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bairtle Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe