Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 06_008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 06_008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 06_008
  3. XML “Na Fataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cuirtear leasú ortha, annsin cuirtear iad agus nuair a bhíonn na barranna ag tríd an talamh lánuightear iad agus annsin nuair a bhíonn na barranna fásta glantar iad sé sin gach rud a bhíonn ag fás leó a ghlanadh astha. Annsin sprayáiltear íad agus coinnuigheann sé sin an dubhachann ó na barrannaí. Nuair a thosuigheann na daoine ag baint na bhfhataí siad na garrannta a bhíonn curtha ar an Muirbheach aca a bhaineann siad ar dtús. Nuair a bhíonn lán poill bainte sin suas le sgór ualaigh aca cuireann siad iad ibpoll. Is amhlaidh a charrtann siad poll ar dtús a bhíonn tuairm trí troighthe ar leithead agus is é sin an fad a bhíonn ann do réir an méid fataí a bhéas le cur ann aca. Cuireann siad maoil ar an bpoll annsin agus cuireann siad a lán raithneach ó's cionn na bhfhataí ar fhaitchíos go dtiocfadh aon bháisteach go dtí íad. Annsin cuireann siad gaineamh ó's cionn an raithnigh agus fágann siad iad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micil Ó Fáthartaigh
    Inscne
    Fireann