Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 05_009
- XML “Tráchtas - Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na h-oidhcheannta fada san nGeimh ann bionn muid ag déanamh púicín. Bíonn muid a' leaghadh luaidhe oidhche Shamhna agus ag cur fáine i bhfollach san nGeimhreadh. Nuair a bhidhtear ag buaileadh cead bíonn maide fada againn, bionn píosa beag de mhaide againn freisin chomh ramhar le cois sguaibe agus timcheall tri orlaigh ar fhaid. Leagtar an giota beag súas le cloich nach bhfuil chomh h-árd leis an ngiota tugtar "pist" ar an gcloich agus tugtar "cead" ar an ngiota. Buailtear an chuid de'n chead atá ós cíonn an phist leis an maide mór agus eirigheann an giota súas san aér buailtear go láidir leis an maide mór é annsin agus cuirtear tamall maith as láthair é, sin é an chaoi a n-imrigheann muid an cead. Sé an chaoi a mberitear ar na h-Eanacha ná gheibhtear ciseóg, tá an chiseóg déanta as slata salaighe fighte ar a chéile agus cuma croinn air timcheall troigh ar fhaid agus an méid chéadhna ar léithead, agus fáightear maide timcheall leath troigh fhaid. Cuirtear an chiseóg ar a béal fuithe agus cuirtear an maide faoi an gciseóig ceann de sáidhte go h-éadhtrom san(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bairtle Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micil Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann