Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 03_029
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 19ú Meán Fómhair 1938
Scéal.
Bhí bean ann fadó agus bhíodh sí ag sníomhachán gach oíche dia Satharn. Tháinig bean isteach aici oíche amháin. Dúirt bean an tí léi suidhe síos go ceann tamaill. Dúirt bean an tí léi nach raibh aon deoir uisce istigh aici a dhéanfadh an tae agus dúirt sí léi dul chun an tobair agus canna uisce a thabhairt ici agus chuaigh. Nuair a tháinig sí thar nais, d’fhiafraigh bean an tí di a raibh aon scéal nua aici agus dúirt sí go raibh Cnoc Meadha agus a raibh ann trí lasadh. Is gearr gur buaileadh ar an doras agus d’iafraigh bean an tí cé bhí amuigh ansin. Dúirt an bean a bhí taobh amuigh an doras a oscailt agus ní osclódh bean an tí an doras. D’iarr sí ansin ar an gcarda an doras a oscailt. D’éirigh an carda leis an doras a oscailt ach bhuail bean an tí fód air agus níor fhéad sé an doras a oscailt. D’iarr sí ansin ar an tuirne an doras a oscailt ach bhuail bean an tí splanc uirthi agus dúirt sí nach bhféadfadh sí. D’iarr sí ansin ar an bhfearsaid an doras a oscailt ach thug sí buille di freisin. D’iarr sí ansin ar an gcáca an doras a oscailt ach thug sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micil Ó Meachair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bartle Ó Meachair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe