Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 03_015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 03_015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 03_015
  3. XML “Tráchtas - Cluichí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. oidhce.
    31adh Marta 1938
    Seo iad na cluichí a Imrighim. Imrighim shgreada ins an samhradh is é an caoí a Imrighim iad le cuig sgread agus bím da n-imirt agus deirim cuig, deich agus mar sin go dtí go mbím cuig is dhá fhichead.
    Imrighim liom agus ma caillim ar aon cheann aca caithann me iad a tabhairt do dhuine eile. Bíonn muid ag piocadh chrúibíní, sméara dubha agus áirni ins an bhfoghmhar. Bionn muid ag déanamh púicín isthigh sa teach. Is é an chaoi a bhíonn muid ag déanamh : duine amháin, éadach a chur ar a shúilibh agus é ag iarraid breith ar an gcuid eile agus iad ag ghreadadh uaidh agus an duine a bhearfas sé air caithann sé sin an puichin a chur air, seo rann beag a ghabas leis. A púicín, a phuicin ma fagann mise greim ort bearfaidh mé ort agus sáthfhaidh mé sios in mo phóca thú. Bíonn muid ag deanamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chonghaile
    Inscne
    Baineann