Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 02_049
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 19adh Mí ná Nodlag 1938
Scéal
Bhí Ríog ná chomnaide insan Spáin uair agus chuaid sé féin agus "Fionn mac Cumal" ag troid. Tháinig sé as an Spáin i mbád mór cogoidh agus chonnaic Fionn an bád agus ghab faitcios é agus dubairt sé lé ná mhátair é a chuir i bhfolach sa gcliabhán ar eagla go bfeiceac an Rí é agus go marbhoch sé é. I gceánn tamall tháinig an Rí isteach ag an máthair agus thug si dinnear dó. Dfiafruig sé do mháthair Fhionn cá raibh Fionn agus dubhairt se go raibh sé imhthigthe amach agus go mbeadh sé isteach lé tuitim na h-oidhche. Chonnaic an Rí go raibh duine éigin sa gcliabhán agus d'fiafruig an Rí ce méid bliadaoin a bhí sé agus dubhairt an mháthair gurbh dhá bhliadhaoin a bhí sé. Chuir an Rí méir i mbéil an pháiste agus cé bhead ann acht Fionn agus bhain Fionn greim as méir an Ríog. Bhí an oidhche ann faoi seó agus chaoid {?] an Rí ná chodlad i dteac Fhionn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peadar Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Mhothair, Co. na Gaillimhe