Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 486
- XML “Mallachtaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) "Doightheacha daire, áirneacha gúise, agus ná raibh bláth bán ort
2) "Is dána muc ná gabhar ach sháruigh bean an diabhail"3) "Sgrios lom lorgan ort le béal cruadh pota"
4) "Go dtugaidh an diabhal go h-Eochail thú ag baint feochanán cosnocht"
5)"Go raibh tú níghte bruithte feannta sgeannta ar leic na bpian 'san Ifreann thiar"
6) "Go mba teach ar an árd do theach, go mba ba bán do chuid ba is go mba bean bhreágh do bhean"
7) "Is truagh gan tú marbh is do beath i n-Ifreann, agus do phutóga sgartha ar sgeachacha na h-Éireann. Sop i do chluais is an diabhal 'á shéideadh"
8) Bhí sean-fhear dall ag dul ó theach go teach uair amháin, ag tóruigheacht déirce. Chuaidh sé isteach i dteach lá agus ní thiubharfadh bean an tighe aon rud dó. Cuir sé mallacht uirthí:-"Im ná raibh ar do bhainne, cluimh ná raibh ar do lachain, suibhal ná raibh ag do leanbh agus feannadh ar do bhó. Agus go mba mó agus go mba leithne an lasair, a bhéas ag dul thrí d'anam, ná sléibhte Chonamara agus iad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Cáit Nic Allmhuráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Allmhuráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe