Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 436

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 436

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 436
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Gleanntréig”
  5. XML “Scéal”
  6. XML “Sháraigh na Mná Harry Sceatail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí Éireannach i Sasana fadó agus bhí coir mhór déanta aige.

    Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Fadó bhí teach is fiche i nGleanntréig, teallach is fiche i ngach teach agus duine is fiche ar gach teallach. Thosaigh na daoine ag troid faoin talamh. Thugadar cath millteadh agus marbhuigheadh go leór. An méid a fágadh threígeadar an ait agus sin é an fáth ar tugadh Gleanntréig ar an aít ó shoín.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Scéal

    Bhí fear i gConnamara fadó agus bhíodh sé ag goid is ag robáil.

    Bhí fear i gConnamara fadó agus bhíodh sé sé ag goid is ag robáil. Ghoid sé bó uair amháin agus d'innis sé do'n tsagart i bhfaoistean go raibh bó goidthe aige. "Raibh fhios agat" ars an sagart "go mbéidhteá ag marcuigheacht ar adharca na bó sin ag dul síos go hIfreann". "Glacaim pardún agat" ars an fear ní bheidh mé mar is bó mhaol a bhí innti".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  4. Sháruigh na mná Harry Sceatail
    Bhí fear an-chliste ann fadó dárbh ainm Harry Sceatail. Cheap sé gur bé ba chliste sa domhan. Theastuigh bhean uaidh. D'iarr sé bean as an gcómharsanacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.