Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

phíosa snáithbháin cadáid. Bhí Anna Ní Fhlaithnearta Fearann an Choirce thar cinn dhá dhéanamh. Bhíodh siad ag gaibhneacht frerim agus tá cuid de na daoinibh fós i-n-a ngaibhníbh. Bhiodh cúipéirí freirm ag déanamh geataí, cathaoireach, cilléar agus rudaí de'n tsóirt sin ar ádhmad. Déantaoi cuinneóga chomh maith. Déanadh na mná lása le snáthaidh agus snáth le cur ar a n-gúna. Déantaoi rópa de fhionadhach capall. Tugtaoi gadracha maoil ortha, agus déantaoi úsáid dhíobh le h-aghaidh cliabh agus srathar capaill.

Bhí fear darbh ainm Marcús Holloran as Fearrainn-an -Choirce ag déanamh coinneal uair ar bith a mharbhuigheadh daoine na caoirigh. Bhéaraidís an gheip ag Marcús leis na coinnlibh a dhéanamh. Ba mhaith an sás chum iad a dhéanamh é. Bhí fear darbh ainm Bairtle Ó Maoláin ar Baile na Creige. Ba fear maith a bhí ann ag ciseán. Sé an chaoi a dhéanadh sé iad: Bhruitheadh sé na

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mór Ní Fhátharta
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Séan Ó Fátharta
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Teanga
Béarla