School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 210

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 210

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 210
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”
  4. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtí insan tsean-aimsir go bhfeictí síodhóga an choitchianta ó póidín Chlaidhe Chocs go dtí Tobar na nAdharc, idir an h-aon dhéag agus an dhó dhéag a chlog san oidhche. Duine ar bith a bheadh ag siubhal timcheall chídhidís rud uathbhárach, agus bhí sé ráidhte go mba é an táidhbhirseoir a bhíodh ann. Bíodh sé ar nós leath-dhuine agus leath bheithidheach agus trioball air, agus ar nós cait nó mada a bhíodh sé uaireanta eile, Deirtear gur dhíbir sagart darbh' ainm an t-Athair Seán as é, agus ní fheacadar ariamh ó shoin é. Tá an dhá áit sin idir Eochaill agus Mainistir. Tá sé ráidhthe go mbíonn sídheóga o'n Mullán Mór go stí an Charcair Mhór ibhfearann an choirce. Tá buaile annsin ina gcloistear ceol agus damhsa agus tugtar "Múinín an Damhsuighthe" air. Chídtí solas. Thosuigheadh sé taobh thoir de sgoil fhearainn an Choirce. D'imthigheadh sé siar an bóthar go gcasfadh sé ag ceann an bhóthair agus stopfadh sé ag Aill na Sagairt in gap do Ghort n gCapall. Déarann siad gur rud maith solas. Bhí fear ar Gort na gCapall ag dul
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhlaithbhearta
    Gender
    Female
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway
    Informant
    Pádraig Ó Flaithbhearta
    Gender
    Male
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway