School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Filter stories

Back
/ 282 Forward
Resolution: Low | High
Fearainn an Choirce | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 214

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

ba file maith a bhí Pádhraig ó hIarnáin as Conacht. Do bhíodh sé ag cumadh cuid mhaith filídheachta, mar ba filí a bhí na mhuinntir roimhe. Bhíodh sé ag fághail airgid ar an bhfilídheacht, mar ba mhaith uaidh iad do dhéanamh.

bhí fear darbh ainm sean-Shéamuis ó Conchubhair imbaile Chillmhuirbhigh agus bhí sé go maith ag déanamh amrán. Is i roilig Chillmhuirbhigh a cuireadh é. Ní raibh aon fhile i-n-Árainn chomh maith leis. Is inGaedhilge do chumadh sé a chuid amhrán. Bhí fear darbh ainm Colm De Bhailís i-n-a fhile mhaith freisin. Bhíodh an bheirt acu ag déanamh amhrán ag cáineadh a chéile, agus ag déanamh amhrán ag moladh agus ag cáineadh daoine eile. Ba daoine bochta iad gan

(continues on next page)