School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 164

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 164

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 164
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an t-sean-aimsir bhíodh mná agus fir ag déanamh líon le snách a dhéanaidís leis an túrirne lín agus ag déanamh.
    Do sníomhaidís an snáth leis. Bhí beirt fear darbh'ainm Micheál Dé Bhailís agus Pádraig as Cillmhuirbhigh indon do pughanna a dhéanamh, agus bhí Mícheál De Bhailís indon hataí tuighe a dhéanamh le traolsán. Déanta de thuigh a bhíodh an traolsán agus é an-fhada agus d'fhuaghaidís an snáth timcheall air le-n-a cheangal go ndéanaidís hata de. Tá sé céad bliadhan ó déanadh aon obair gcairt agus ní rinneadh aon obair leis an traolsan le céad go leith bliadhan. Bítí ag déanamh coinneal agus ba é an chaoi a ndéanaidís é le múnla. Ar iarann a bhíodh an múnla déanta agus cuma coinnle air, agus dhóirthidís geip leaghta isteach ann agus chuiridís buaicís cadáis i lár na coinnle. Ba é an gallúnach a bhíodh "Starch" a dhéanaidís ar fataí milte. Gheibhidís píosa stáin agus churidís poll ann le tairgne go scpíobaidís na fataí agus bhainidís an "Starch" asta. Chuiridís an "Starch" i roitheach agus d'fhágaidís an t-íochtar go mbíodh sé i-n-a ghallínach. Tá sé leith-chéad bliadhan ó bhí sí shé dhéanamh. Bhí fear darbh' ainm Colm Chon Ríagh as Fearann-an-Cporce indon gaibhneach, tairgní, crochanna, lúbanna, trumpaí agus geataí iarainn a dhéanamh. Tá sé dhé scór bliadhan ó bhí sé ann. Bhí Seósamh Gillín as Fearann-an-Coirce go maith ag fígheadóireacht timcheall deich mbliadhna fíchead ó shoin. Déanadh Mícheál ó Gaora bairrilí, ancaird, buird, dreisuir agus fuinneóga
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó hIarnáin
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
    Informant
    Tomás Uá Conghaile
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway