School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 252

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 252

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 252
  3. XML “Na Prátaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuireann chuile duine fataí ar a bhfeilm gach bliadhain. Is iad na fir a chuireanns iad i gcomhnuidhe. Cuirteat sean-leasughadh feamna ar an talamh idir Samhain agus Fé'l baighde sul a chuirtear iad. Annsin nuair a bhíonntar dhá gcur is minic gur feamain dubh a chuirtear mar áit leasughadh ar na tailtíbh bána; acht is minic go gcuirtear aoileach ar thalamh luirg a bhéas ráithte le síoltaibh cheana. Cuirtear múirín air freisin. IS é an rud muirín ná feamain a bhéad lobhtha i-n-a bainc. Is é an chroi a scartar na ríolta ó's cionn na feamna ar na taltaibh bána ar dtús agus annsin déantar iomairí atá slat ar léithead agus clais eadthorta atá tuairim's troig ar léithead. Déantar na taltaí luing a shocrughadh ar dtús agus annsin caithtear isteach an fód ó's cionn na feamna. Is le spáid a déantar na h-iompairí i n Árainn. Is é an chaoi a gceannuighthear na sráideanna ins na siopaibh gach bliadhain. Is é an chaoi a ghearrtar na fataí, an píosa de'n fata a mbíonn súil air a bhaint de le scéin agus an toin a bhéas ar an bhfata a fhágaint, agus tugtar laogháin ortha sin. An píosa de'n fata a mbíonn an tsúil air agus fágtar é trí nó ceathrair de laethantaibh i gcliabh nó go seargann sé agus annsin é a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó hIarnáin
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
    Informant
    Tomás Uá Conghaile
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway