School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 240
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar i gCilléinde ar a dtugtar Dabhach Éinde. Bhí uisce ann uair amháin, acht do thriomuigh sé mar bhí minnisteár ag dul thart ann, agus do nigh sé a chosa ann, agus níl aon uisce ann ó shoin. Tá tobar eile i gCilléinde ar a dtugtar Tobar Chuilm Chille. Téigheann na daoine go dtí an tobar ar an 9 ad lá de Mheitheamh Nuair a théigheann siad go stí é baineann siad díobh a gcuid bróga, agus tá altóir cloch déanta ann, agus tigheann siad ar a nglúiníbh ó's comhair na h-altóra. Tógann siad seacht glocha agus téigheann siad timcheall ag rádh an Phaidirín Pháirtigh. Nuair a thiocfas siad go dtí an altóir caitheann siad an chéad cloch isteach , agus leanann siad mar sin go mbeidh na seacht gclocha caithte isteach. Annsin téigheann siad ar a nglúiníbh agus tá an tura déanta acu. Tá tobar i Mainistir ar a dtugtar Tobar Chiaráin. Tá Mainistir ann freisin ar a dtugtar Mainistir Chiarain. Tugtar an turas go dtí Mainistir Chiaráin ar an 29 ad lá de Meodhon Fhógmhar. Téightear timcheall an tobair agus deirtear paidreacha ar an bpaidirín. Tá tobar i gCabruabhach ar a dtugtar Tobar Cheathrar Áluinn. Téigheann daoine annsin go minic, agus níl aon am áithrídhe le h-aghaidh turais do'n tobair sin. Dhá gcuirfeá turas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Flaithbhearta
    Gender
    Female
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway
    Informant
    Pádraig Ó Flaithbheaerta
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway