Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 192

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 192

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 192
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainmhidhthe Allta.
    San am fadó do tháinig sionnach mór isteach i-n-deire báid as Conn Mhaicne Mara, agus ní raibh fhios ag aon duine dá raibh san m-bád é. Tuairim is céad bliadhan ó shoin do bhí sé ag déanamh scriosa móir ar uain agus ar chaoirighíbh i-n-Árainn, agus do chuir daoine clár lag ar bhruach aille na Lochán. Lá amháin sheas an sionnach air, agus thuit sé san bh-fairrge.
    Tháinig mada fiadháin isteach h-oileainaibh, agus is é an chaoi a shnámh sé anoir, agus bhí muinntir Árann scriosta aige mar bhí sé ag marbhughadh caorach ortha. Acht aon oidhche amháin chonnaic na daoine nead déanta aige istigh i-d-teach beag, agus an oidhche i-n-a dhiaidh rug siad air agus mharbhuigh siad é.
    Is le gairid a tháinig na h-easóga go hÁrainn. Níl mórán luch ná coinín fágtha i-n-Árainn. An chéad uair a tháinig na h-easóga go h-Árainn bhí roinnt scátha ag na daoiníbh rómpa acht níl an oiread scátha aca rómpa anois, agus atá faoi chat. Tá ainmhidhthe eile i-n-Árainn ar a d-tugtar allchuach. Creideann daoine má bhéarann siad ortha, agus a dteangacha a chuimilt ó-n-a-d-trioballaibh go dtí a g-cloigníbh go bh-fuil leigheas ag baint leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Chonghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Eochaill, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Conghaile
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Eochaill, Co. Galway