phíosa snáithbháin cadáid. Bhí Anna Ní Fhlaithnearta Fearann an Choirce thar cinn dhá dhéanamh. Bhíodh siad ag gaibhneacht frerim agus tá cuid de na daoinibh fós i-n-a ngaibhníbh. Bhiodh cúipéirí freirm ag déanamh geataí, cathaoireach, cilléar agus rudaí de'n tsóirt sin ar ádhmad. Déantaoi cuinneóga chomh maith. Déanadh na mná lása le snáthaidh agus snáth le cur ar a n-gúna. Déantaoi rópa de fhionadhach capall. Tugtaoi gadracha maoil ortha, agus déantaoi úsáid dhíobh le h-aghaidh cliabh agus srathar capaill.AnaithnidTherese CollinsBhí fear darbh ainm Marcús Holloran as Fearrainn-an -Choirce ag déanamh coinneal uair ar bith a mharbhuigheadh daoine na caoirigh. Bhéaraidís an gheip ag Marcús leis na coinnlibh a dhéanamh. Ba mhaith an sás chum iad a dhéanamh é. Bhí fear darbh ainm Bairtle Ó Maoláin ar Baile na Creige. Ba fear maith a bhí ann ag ciseán. Sé an chaoi a dhéanadh sé iad: Bhruitheadh sé naGeraldine Merrifield