School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Filter stories

Back
/ 282 Forward
Resolution: Low | High
Fearainn an Choirce | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Aon uair amháin, bhí chúig bhean i bpáirc eornann. Ní raibh aon ghasúr ag ceachtar aca, acht ba mhaith leo go bfuigheadh siad páiste ar an bpoinnte. Fuair siad ubh ghé a bhí chomh mór le cloigeann fir. "Chonnaic mise", ar an gcéad dhuine é" adeir an darna duine. "Beidh sé agamsa", adeir an treas dhuine. Bhí siad ag corraidheacht, agus ag troid faoin uibh go ceann tamaill; acht sa deire shochruigh siad go rachadh siad ar gor ar an uibh ar nós na géadh. Shuidh an chéad bhean ar feadh ocht lá. Nuair a bhí sí dhá lá i n-a suidhe ar an uibh chualaidh sí rud ag corrughadh isthigh innte, agus is gearr gur thosuigh sé ag rádh, seadán agus bainne gus anbhruith, agus min-choirce. Shuidh an darna bean uirthi annsin ar feadh ocht lá, agus mar sin go dtí an cúigheadh bean. Nuair a bhí an cúigeadh bean 'na suidhe ar feadh ocht lá, chuir sí poll ar an uibh; agus in-áit géadh óige, cad thiocfadh amach as acht páiste a raibh cloigeann gránda mór air. Nuair a tháinig sé ar an uibh ba é an an chéad rud a dubhairt sé seadán, agus bainne, agus anbhruith

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Dhómhnaill
Gender
female
Address
Ourtnagapple, Co. Galway
Informant
Mícheál Ó Dómhnaill
Gender
male
Address
Ourtnagapple, Co. Galway
Language
English