School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 157

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 157

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 157
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanchas idtaobh na h-aimsire
    Nuair a bhíonn droch-aimsear air bíonn go leór scamall mór dubh ins an spéir. Gaoth andeas nó gaoth aniar ndeas a bhíonn ann. Éirigheann an fhairrge an-gharbh nuair a bhíonn droch-aimsear air. Comhartha eile iseadh, sóirt fáinne timcheall na gealaighe, agus nuair a bhíonn an grian ag dul faoi téidheann sí isteach ins na scamallaibh, agus bíonn cosa fuithe freisin. Nuair a bhíonn aimsear gharbh le teacht bíonn na scamaill ag spréacharnaigh. Sí an ghaoth andeas is minice a thuganns báisteach léi. Is comhartha báistighe é na h-éanlaithe a bheith ag eitilt go h-íseal. Tagann na faoileáin isteach ón fhairrge, tugann an cat a dhruim do'n teinidh, agus itheann an mada féar sul a thagann báisteach. Chídhtear caoirigh thuas go h-árd ar na sléibhtibh, agus cnocaibh le aimsir bhreágh; acht le droch-aimsir chídhtear iad ag teacht anuas. San Samhradh nuair a bhíonn sé ag tarraingt cun báistighe bíonn an aimsir an-mheirbh, agus bíonn go leór míoltóg ag dul thart. Nuair a bhíonn droch-aimsir air bíonn lasracha gorma san teinidh. Bíonn súghaidh ag tuitim de'n simléar nuair a bhíonn báisteach air. Téidheann an deatach suas díreach le aimsir bhreágh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Chongaile
    Gender
    Female
    Address
    Eochaill, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Congaile
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Eochaill, Co. Galway