School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 187

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 187
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Áit-ainmneacha
    I bhfeilm mo mhuinntire i Mainistir i mbaile fearainn Eochalla, tá na h-áit-ainmneacha seo le fághail:-
    An Bulláinín
    Mar gheall ar go bhfuil bulláinín mar thobar i-n-a lár ar a dtugtar Tobar Cíaráin.
    An Átharla
    Tá áit eile ó's cionn na fairrge ar a dtugtar an Átharla. Tá sé ráidhte go bhfuil naoimh curtha ann, agus an naomh deirdheanach a cuireadh ann fuair sé bás i gCuan an fhóid dhuibh. Thug sé ordughadh é a chur ins an áit seo ar a dtugtar An Átharla.
    Tá áit i Mainistir ar a dtugtar Craig na m-Bádóirí mar gheall ar fhuirinn báid a bheith ann ar feadh oidhche, mar briseadh an bád a bhí siad innte thíos fá'n creig insan gcladach. Chonnaic muinntir an bhaile na fir ar maidin, agus tugtar Craig na m-Bádóirí ó shoin air. Tá áit idir Mainistir agus Cillrónáin ar a dtugtar Poll na Marbh, mar bhí troid ann fadó, agus marbhuigheadh cuid mhór fear ann, agus tá siad curtha ann. Tá a gcuid cnámh le feiceáil ann fós. Tá áit ó thuaidh de Chéibh Chillrónáin ar a dtugtar tráigh na bhFrancach. Tháinig na Francaigh i dtír ann fadó i mbád, agus bhí ancairí na mbád le feiceáil ann nó go dtí le gairid. Ó thuaidh de arís tá áit ar a dtugtar An Bhean Bháidhte mar tháinig corp mná báidhte i dtír ann fadó. Tá an t-ainm sin air coidhche ó shoin. Tuairim is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Eochaill, Co. Galway
    Collector
    Caitlín Ní Chonghaile
    Gender
    Female
    Address
    Eochaill, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Conghaile
    Gender
    Male
    Address
    Eochaill, Co. Galway