School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 126

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 126
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal Grinn
    Bhí beirt dhearbhráthar ann fadó, dearbhráthair saibhir agus dearbháthair bocht. Ní raibh aon rud ag an dearbhráthair bocht acht a bheith ag dul ag an gcoill ag baint ádhmad le teine a dhéanamh, agus thugadh sé ualach ádhmaid abhaile chuile tráthnóna ar mhúille. Lá amháin a bhí sé ag baint ádhmaid san gcoill, dhorthuigh an spéir suas agus tháinig múr, agus chuaidh sé ar fascadh faoi chrann. Chonaic sé sluagh daoine ag teacht tríd an spéir, agus cuma gadaidhe ortha. Bhí fear aca amach idtosach ar an mhuinntir eile, agus tháinig síad go dtí aill, agus dubhairt siad leis an aill "Oscail"! agus d'oscaill an aill, agus dhúin sí aríst i-n-a ndiaidh. Nuair a bhí siad tamall istigh dubhairt siad an focal céadhna aríst agus d'oscail an aill, agus d'imthigheadar leo. Bhí an fear bocht ag éisteacht leo. Annsin, nuair a bhí siad imthighthe chuaidh sé go dtí an aill agus dubhairt sé an focal a dubhairt na fir eile. D'oscail an aill agus chuaidh sé isteach. Bhí an áit istigh go h-áluinn, agus bhí sé lán d'ór agus de chuile rud dá fheabhas. Fuair sé mála, agus líon sé d'ór é an méid a bhí sé indon iomchar. Annsin nuair a bhí sé réidh le n-imtheacht dubhairt sé "Oscail"! agus d'oscail an aill. Thug sé leis an mála óir, agus thug sé é go dtí an áit a raibh an carr agus an múille fághtha. Chuir sé sa gcarr an mála óir, agus chuir sé an t-ádhmad ós a chionn gur thug sé ag a mhnaoi é. Bhí an-áthas ar an mbean, acht dubhairt an fear léi gan labhairt air. Lá ar na bhárach chuaidh bean an dearbhráthar bhoicht ag bean an dearbhráthar shaibhir ag iarraidh soithigh leis an t-ór a thómhais. Bhí bean an dearbhráthar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0676: Open Sesame
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó hIarnáin
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
    Informant
    Bairtle Ó hIarnáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway