School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 233
  3. XML “Bóithre an Cheantair”
  4. XML “Bóithre an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ta bóthar ag dul síos ó Fhearann an choirce go dtí an fharraige ar a dtugtar bóthar na Muirbhigh. Rinneadh é roimh aimsir an droch shaoghail. Bhí an bóthar déanta i gcomhnuidhe ach gur cuireadh caoi air. Chuir an riaghaltas an obair sin ar bhun. Sé an riaghaltas freisin a thug bpáigh dhóibh. Níl aon chasán ann ar a dtéidheann na daoine ag Aifreann nó ag aonach. Tá an bóthar seo i-n-úsáid fós. Rinneadh cuid mhór bóthar i-n- aimsir an droch shaoghail. Sé an páigh a thugtaí dhóibh an uair sin deich bpigne san tseachtmhain. Bhíodh mná ag obair ar na bóithríbh sin. Sé an páigh céadna a bhíodh do na mnáibh is a bhíodh do na fir. Tá bothar eile ag dul ó Chabhruabhach air. Bíonn daoine ag dul ann fós. Rinneadh é tuairim 100 bliadhain ó shoin. Tá sé in úsáid fós. Sé an páigh céadna a bhí siad ag fághail agus a bhí siad ag fághail nuair a bhí bóthar Fhearainn an choirce dhá dhéanamh. Bhí an bóthar déanta i gcomhnuidhe ach gur cuireadh caoi air. Sé an righaltas a thug cead dóibh caoi a chur ar.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghillín
    Gender
    Female
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Gillín
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway