School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)is mó a gheibhidís obair, de ríér sgillinge agus sé pinginn san lá a bhíodh gach duine íoctha. Ba le capall agus srathair agus cléib is mó abhídís ag obair san am sin, Na daoine a bhíodh ag obair ar an mbóthar nuadh ó thuaidh bhídís ag obair gan páigh gan biadh, acht iad féin dá mbeathughadh fhéin. Siad na h-ainmneacha a bhí ar na tighearnaibh talamhna Máirtín Ó hÍarnáin agus an Flaithbheartach. Ba i gCillmhuirbhigh a mhair siad. Is iad na tighearnaí talamhna a chuirfeadh iallach ortha an bothar a dhéanamh. Bhíodh iallach ar chuile fhear seachtmhain a dhéanamh; sé sin seachtmhain san mí go raibh an bóthar déanta. Dá mbeadh an tseachtmhain déanta agat go dtí leath lae agus dá mbrisfeadh an ruadhóg i.n. do bhróig agus a dhul ag cur chaoi uirthi agus go bhfeicfeadh an duine a bhí ó's do chionn tú, chaithfeá tosughadh an sheachtmhain eile agus í ag déanamh go ceart cneasta. Bhíodh daoine ag obair ar an mbóthar nuadh ó dheas agus bhíodh páigh dóibh. Tá gach bóthar aca i.n. úsáid fós. Sé an tighearna talamhna a bheireadh an pháigh dhóibh.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Gender
- Female
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Ó Flaithbhearta
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway