Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)is mó a gheibhidís obair, de ríér sgillinge agus sé pinginn san lá a bhíodh gach duine íoctha. Ba le capall agus srathair agus cléib is mó abhídís ag obair san am sin, Na daoine a bhíodh ag obair ar an mbóthar nuadh ó thuaidh bhídís ag obair gan páigh gan biadh, acht iad féin dá mbeathughadh fhéin. Siad na h-ainmneacha a bhí ar na tighearnaibh talamhna Máirtín Ó hÍarnáin agus an Flaithbheartach. Ba i gCillmhuirbhigh a mhair siad. Is iad na tighearnaí talamhna a chuirfeadh iallach ortha an bothar a dhéanamh. Bhíodh iallach ar chuile fhear seachtmhain a dhéanamh; sé sin seachtmhain san mí go raibh an bóthar déanta. Dá mbeadh an tseachtmhain déanta agat go dtí leath lae agus dá mbrisfeadh an ruadhóg i.n. do bhróig agus a dhul ag cur chaoi uirthi agus go bhfeicfeadh an duine a bhí ó's do chionn tú, chaithfeá tosughadh an sheachtmhain eile agus í ag déanamh go ceart cneasta. Bhíodh daoine ag obair ar an mbóthar nuadh ó dheas agus bhíodh páigh dóibh. Tá gach bóthar aca i.n. úsáid fós. Sé an tighearna talamhna a bheireadh an pháigh dhóibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Flaithbhearta
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe