School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Filter stories

Back
/ 282 Forward
Resolution: Low | High
Ciste Óir

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá sé ráidte go bhfuil ciste in aice le Dún Eógnachta. Deirtear gur'b iad na loclannaigh a chuir ann é, agus níl a fhios cinnte cé'n spota a raibh sé ann. Bhí daoine ag tógáilt chlaidhe ann fadó, agus bhí siad ag crocadh cloch mór agus d'airigh siad cainnt ag rádh leo éisteacht lei . Níor leig an faithchios dóibh í a chrochadh .Ór atá ibfolach ann. Is fiú na mílte punt é .Ir dóigh go raibh go leór ciste ag an lochlannaigh . Nuair a bhí na loclannaigh ag teacht go h-Árainn fado thóig na daoine dúnta móra , agus nuair a tháinig na loclannaigh mharbhuigh na daoine iad go dti ná raibh fághtha acht beirt, athair agus mac. Dubhairt an t-athair leó an mac a mharbhadh an dtúr mar dá marbhóchadh siad é annsin agus nuair a bhí an mac marbh dubhairt an t- athair leó é féin a mharbhadh ; mar b'fhearr leis é féin a marbhadh ná innseacht dóibh cá raibh an stór . Ní raibh aon radharc ag an daoiníbh saoghalta ar an dtaisce sin . Tá sé ráidhte go raibh tri chat dubha ag tabhairt aire dó agus níor b'fhéidir iad a chur uaidh no go bfuighfidhe tri mhada dubha . Ní bhíonn aon i solus le feicsint timcheall ann.

(continues on next page)
Collector
Tomás Ó hIarnáin
Gender
male
Address
Kilmurvy, Co. Galway
Informant
Bairtle Ó hIarnáin
Relation
parent
Gender
male
Address
Kilmurvy, Co. Galway
Language
Irish