School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Filter stories

Back
/ 282 Forward
Resolution: Low | High
Fearainn an Choirce | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 161

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

páirtíbh théideadh na múinteoirí ag obair ag feinmeoiríbh. Gheibhfeadh siad roinnt páighe ó na feirmeoiríbh. Ba scoláirí maithe iad. Bhí an-mheas ag na daoiníbh ortha mar bhíodar an-fhóghlumta. Bhí siad ann tuairim is céad go leith bliadhan ó shoin.

Ba é an t-ainm a bhí ar na scoileannaibh a bhí ann fadó ná Scoileanna Scairte. Bhí ceann aca i bhfearann-an-coirce, agus ceann i-n-Eochaill. Is istigh a bhíodh an sgoil ar siubhal aca. Ba strainséirí iad na múinteoiríbh; acht amháin fear darbh'ainm, Pádraig De Bhailis ar Cillmhuirbhíg a bhí ag múnadh i-n-a theach féin agus ní bhíodh sé ag múnadh insna scoileannaibh. D'fhanadh na múinteoirí i dtíghthíbh na sgoláirí; ar feadh seachtmhaine i n-gach teach. Gheibhidís sgilling san ráithe ó gach páiste nuair a thosuighidís ag dul ar sgoil; acht gheibhidís níos mó ó na páistíbh de réir mar bhíodh siad ag ardughadh insna rangaibh. Bhídís ag múnadh scríobhnóireachta, léigheoireachta, béarla

(continues on next page)
Collector
Cáit Ní Bhriain
Gender
female
Address
Ourtnagapple, Co. Galway
Informant
Bean Sheamais Uí Fhátharta
Relation
grandparent
Gender
female
Address
Ourtnagapple, Co. Galway
Language
Irish