Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 117
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 117
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sé ráidte go bhfuil ciste in aice le Dún Eógnachta. Deirtear gur'b iad na loclannaigh a chuir ann é, agus níl a fhios cinnte cé'n spota a raibh sé ann. Bhí daoine ag tógáilt chlaidhe ann fadó, agus bhí siad ag crocadh cloch mór agus d'airigh siad cainnt ag rádh leo éisteacht lei . Níor leig an faithchios dóibh í a chrochadh .Ór atá ibfolach ann. Is fiú na mílte punt é .Ir dóigh go raibh go leór ciste ag an lochlannaigh . Nuair a bhí na loclannaigh ag teacht go h-Árainn fado thóig na daoine dúnta móra , agus nuair a tháinig na loclannaigh mharbhuigh na daoine iad go dti ná raibh fághtha acht beirt, athair agus mac. Dubhairt an t-athair leó an mac a mharbhadh an dtúr mar dá marbhóchadh siad é annsin agus nuair a bhí an mac marbh dubhairt an t- athair leó é féin a mharbhadh ; mar b'fhearr leis é féin a marbhadh ná innseacht dóibh cá raibh an stór . Ní raibh aon radharc ag an daoiníbh saoghalta ar an dtaisce sin . Tá sé ráidhte go raibh tri chat dubha ag tabhairt aire dó agus níor b'fhéidir iad a chur uaidh no go bfuighfidhe tri mhada dubha . Ní bhíonn aon i solus le feicsint timcheall ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bairtle Ó hIarnáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe