School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 187
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Áit-ainmneachaI bhfeilm mo mhuinntire i Mainistir i mbaile fearainn Eochalla, tá na h-áit-ainmneacha seo le fághail:-An Bulláinín
Mar gheall ar go bhfuil bulláinín mar thobar i-n-a lár ar a dtugtar Tobar Cíaráin.An Átharla
Tá áit eile ó's cionn na fairrge ar a dtugtar an Átharla. Tá sé ráidhte go bhfuil naoimh curtha ann, agus an naomh deirdheanach a cuireadh ann fuair sé bás i gCuan an fhóid dhuibh. Thug sé ordughadh é a chur ins an áit seo ar a dtugtar An Átharla.Tá áit i Mainistir ar a dtugtar Craig na m-Bádóirí mar gheall ar fhuirinn báid a bheith ann ar feadh oidhche, mar briseadh an bád a bhí siad innte thíos fá'n creig insan gcladach. Chonnaic muinntir an bhaile na fir ar maidin, agus tugtar Craig na m-Bádóirí ó shoin air. Tá áit idir Mainistir agus Cillrónáin ar a dtugtar Poll na Marbh, mar bhí troid ann fadó, agus marbhuigheadh cuid mhór fear ann, agus tá siad curtha ann. Tá a gcuid cnámh le feiceáil ann fós. Tá áit ó thuaidh de Chéibh Chillrónáin ar a dtugtar tráigh na bhFrancach. Tháinig na Francaigh i dtír ann fadó i mbád, agus bhí ancairí na mbád le feiceáil ann nó go dtí le gairid. Ó thuaidh de arís tá áit ar a dtugtar An Bhean Bháidhte mar tháinig corp mná báidhte i dtír ann fadó. Tá an t-ainm sin air coidhche ó shoin. Tuairim is(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Address
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Seán Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- Eochaill, Co. na Gaillimhe