Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 145
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 145
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear ar an gceann shiar de'n Oileán i gCillrónáin fadó, nuair a bhí a ngnó déanta aca i gCillrónáin, chuaidh siad isteach i dteach ósta ag ól braoin uisce beatha . Bhí siad ag ól agus ag cainnt gur tháinig an tráthnóna. Dubhairt duine aca leis an duine eile go raibh sé in am a bheith ag dul abhaile. D'éirigh siad agus thugadar aghaidh ar an mbaile. Shiubhaileadar leo gur tháinig siad go dtí Creig-an-Chéirín. Ba as Creig-an Chéirín duine aca, agus as Bungabhla an duine eile. Dubhairt fear Chreige-an-Chéirín go ngabhadh sé siar chomh fada le Bungabhla leis an fear eile agus chuaidh. Nuair a bhí sé shiar chomh fada le Bungabhla, dubhairt fear Bungabhla go ngabhadh sé soir chomh fada le Creig-an-Chéirín leis féin, agus chuaidh Mar gheall ar an mbraon a bheith ólta aca . Bhí siad ag dul siar agus soir go raibh sé ina lá geal ar maidin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní hIarnáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó hIarnáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe